← "D'fhiafraigh tú dom é agus inseoidh mé duit anois. 🔊
← Tá muid féin agus dream sí uile ag súil bualadh báire a imirt amárach agus teastaíonn fear amháin eile uainn, le dream againn ag dul ag imirt báire. 🔊
← "Tá go maith" arsa fear Uachtar Aird, "tiocfaidh mé in éineacht leat agus fáilte." 🔊
← Lá arna-mhárach ba leis an dream sí a bhí fear Uachtar Aird seo, agus ba acu a bhí an bua. 🔊
← Ansin d'fhág na síoga beannacht ag fear Uachtar Aird, agus thosaigh siad ag imeacht uaidh. 🔊
← Sheas gach uile síog amach agus dúirt sé "caipín ormsa." 🔊
← Bhí chuile cheann de na síoga imithe, agus fear Uachtar Aird fágtha ansin. 🔊
← "Caipín ormsa" a deir an fear, agus d'imigh sé i ndiadh na síoga. 🔊
← D'imigh leo isteach i dteach mór agus rinne siad ionradh ar dhá phobail agus iad ag goid as. 🔊
← Rugadh air agus caitheadh isteach i bpriosún é. 🔊
← D'imigh leis ansin san aér, agus í féin agus an carr go hUachtar Ard, agus chaith an carr chuig bhliana déag ag obair aige, go h-am a briseadh é. 🔊